Mic léinn DCU ag rith leathnocht ar son carthanais

Bunaíodh an Cumann Ollscoile ‘Raising and Giving’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun mic léinn na hOllscoile a spreagadh i dtreo obair charthannachta sa chathair.

Rinne siad ionadaíocht ar son na hÉireann ag Craobh Dhomhanda SIFE ‘Students in Free Enterprise’ in Washinton DC le déanaí.

Thug Meon Eile cuairt orthu nuair a thóg 100 dá mbaill faoi rith míle ar fhad ina gcuid fobhristi ar mhaithe le hairgead a bhailiú do chúrsaí oideachais i mBaile Munna…

DCU RAG Rith / Shane O Curraighin

Obair dheonach charthanachta is ea bunsprioc na heagraíochta mar aon le deireadh a chur leis na bacanna a sheasann os comhair daoine óga a bhíonn ag iarraidh cuidiú leo siúd ar an ghannchuid.

I measc na dtograí atá idir lámha ag an chumann, déanann siad fostaíocht a chruthú dóibh siúd le fadhbanna liteartha tríd an scéim ‘Books 4 Literacy’ agus cuireann siad ranganna ceardaíochta ar fáil d’iar-andúiligh drugaí.

Tá a dhóthan gradam bainte ag ‘Raising and Giving’ acu ar na maillibh. Bhain an Cumann an chéad duais de €50,000 i bhFondúireacht Arthur Guinness i mbliana, lena thaobh seo rinneadar ionadaíocht ar son na hÉireann ag Craobh Domhanda SIFE ‘Students in Free Enterprise’ in Washinton DC chomh maith.

Close
Close