Margadh na Nollag ag Ionad na Fuiseoige

I bhfianaise chomh maith is a d'éirigh lena margadh samhraidh i mí an Mheithimh, thug an fhoireann ó Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste cuireadh do dhaoine ó chian is ó chóngar go dtí margadh na Nollag.

Bhí an t-ionad lán le craic agus spraoi, agus mheall ceol agus boladh an bhia níos mó daoine le páirt a ghlacadh san fhéasta. Le réimse leathan táirgí ar fáil le ceannach, ó choinnle agus ealaín, go héadaí, cácaí agus mugaí... d'imigh formhór na ndaoine le mála lán le siopadóireacht.

Labhair Meon Eile le Tríona Brady ó Ionad na Fuiseoige a raibh stalla aici ag díol maisiúcháin Nollag a rinne sí féin. Labhair Tríona faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí mar seo ina bhfuil táirgí Éireannacha á ndéanamh agus á ndíol go háitiúil. Labhair muid le Linda Ervine ó Turas chomh maith a bhí ag díol táirgí ó shuíomh gréasáin an eagrais.

Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Ionad na Fuiseoige le fios a bheith agat cén uair a bheidh an chéad mhargadh eile ag tarlú.

Close
Close