Liú Lúnasa 2018

Thit an ceathrú Liú Lúnasa amach an deireadh seachtaine seo cate agus de réir cosúlachtaí ba í an fhéile is rathúla go dtí seo.

Is féile imeallchúltúr í Liú Lúnasa a d'fhás ón bhun aníos agus atá á heagrú ag Naoise Ó Cairealláin (Kneecap / Cultúrlann McAdam Ó Fiach) agus Caoimhe Ní Chathail (Meon Eile), i gcomhpháirtíocht le muintir iarthar Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin.

I mbliana shín an fhéile óg a sciatháin amach agus tógadh an Gaelchultúr isteach go croílár na cathrach nuair a cuireadh roinnt imeachtaí ar siúl in áiteanna ar nós an 'American bar' (An Foclóir Áiteach), Tigh Mhadáin (Oíche Airneáil) agus Cearnóg an Bhainc (Ceol sa Cearnóg). 

Cuireadh béim ar leith i mbliana ar an éagsúlacht i measc an phobail Ghaelaigh atá anois sofheicthe mar gheall ar chainteanna cosúil le 'Pobal lastigh de Phobail' a thug ardán do dhaoine miolaithe inár gcuideachta plé a dhéanamh faoina saol féin.

Is cinnte go bhfuil an fhéile ag dul i bhfeabhas gach uile bhliain agus comhghairdeas leis an lucht eagraíthe.

Tá muid uilig ag súil go mór leis an bhliain seo chugainn cheana!

Close
Close