Lá Teaghlaigh na Nollag i mBéal Feirste

Agus an Nollaig ag teannadh linn, eagraíodh Lá Teaghlaigh na Nollag i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Tháinig an pobal Gaelach le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhliain seo atá díreach caite agus chun sult a bhaint as na himeachtaí iontacha a cuireadh ar siúl le linn an lae.

Bhí deis ag páistí - agus tuismitheoirí! - triail a bhaint as peinteáil aghaidhe, ceardlanna ealaíne, ceol, scéalaíocht agus i ndiaidh dóibh litreacha a scríobh chuig Daidí na Nollag, bhuail siad leis an fhear é féin!

Tá an Cheathrú Gaeltachta anois faoi sholas na Nollag agus soilse lasta ag Dáithí Mac Gabhann le tacaíocht ó Dhaidí na Nollag. Bhí Meon Eile i láthair agus bhain muid an-sult ar fad as an lá galánta bríomhar in Iarthar na Cathrach.

Close
Close