Lá Spraoi Mhacha

Cuireadh Lá Spraoi Mhacha ar siúl den chéad uair riamh, dé Sathairn i gCathair Ard Mhacha.

Gael Linn agus Naíscoil na Caille a d’eagraigh, go háirithe Meghan Ní Raifeartaigh, Bainisteoir Gael Linn i gCúige Uladh, agus Orlagh Uí Cheallaigh ón Naíscoil.

Ní raibh an aimsir go hiontach ar an lá ach níor chuir sin stop leis an chraic.

Bhí Cleamairí Ard Mhacha, gnóanna neamhspleácha Gaeilge, an fear grinn ‘Giggles the Clown’, ceoltóirí, péintéirí aghaidhe, preabchaisleáin, Phil’s Farm, Bóthan na bhFear agus na fir dóiteáin i láthair. Ina measc bhí an Gaelgeoir Oisin Cullen a oibríonn go lánaimseartha mar fhear doiteáin ag stáisiún 'Whitla' i mBéal Feirste. Bhí Oisin in ann labhairt leis na páistí go léir trí Ghaeilge, rud a chur go mór leis an eispéireas dóibh.

Bhí páirc Sherry’s lán le muintir na háite chomh maith le neart cuairteoirí as lasmuigh den chathair.

D’fhreastail Meon Eile ar an lá spraoi agus bhí deis againn labhairt le Meghan ó Ghael Linn, Orlagh ó Naíscoil na Caille, le Niamh Ní Mhóra ó Ghlór na nGael chomh maith le Nina Nic Uilín agus Shannon Ní Chléirigh.

Is iad Comhthionól Ard Mhacha Thiar, Naíscoil na Caille agus Gael Linn a chuir an urraíocht ar fáil don lá.

Close
Close