Lá Dearg 2022


Tháinig níos mó ná 17,000 duine le chéile i mBéal Feirste Dé Sathairn mar chuid de mhórshiúl stairiúil ar son na teanga.

Bhailigh na sluaite ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus shiúil siad le chéile go dtí Halla na Cathrach, áit a raibh óráidí, ceol agus siamsaíocht. Bhí daoine i láthair ó gach cearn den tír ag tacú lena chéile agus ag léirsiú ar son cearta Gaeilge don tuaisceart.

Ag caint dó ón ardán ag an Lá Dearg, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg:

“Tá tacaíocht ollmhór faighte againn inniu agus le blianta anuas don fheachtas chearta teanga ar son acht Gaeilge, ó phobal na Gaeilge iad féin agus ón mhórphobal trí chéile anseo. Bhí fhios againn go raibh lá mór agus rathúil romhainn ach níl amhras ar bith againn gurb é seo an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin. Thóg An Dream Dearg gluaiseacht ón bhun aníos atá i ndiaidh ceist na Gaeilge a bhrú ó imeall na sochaí anseo go croílár na díospóireachta polaitiúla go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Is gluaiseacht í seo a thug agus a thugann dúshlán na ceannasaíochta cumhachta agus a chinntigh nach gcaithfear linn arís mar shaoránaigh den dara grád. Ní dhéanfaí imeallú orainn a thuilleadh, tá na laethanta sin thart go deo. Tá ár dteachtaireacht soiléir agus cruinn. Tá sé in am do Rialtas na Breataine, don DUP agus dreamanna eile atá i gcumhacht deireadh a chur lena gcros fadbhunaithe agus lena mbac leanúnach ar chearta teanga. Tá muid ag fanacht le agus ag éileamh Achta Gaeilge le fada fada an lá. Tá sé anois in am don Acht sin. Ní fhánfaidh muid a thuilleadh ar na cearta teanga sin atá i bhfeidhm ar fud na n-oileán sin cheana féin. Éilíonn muid socrú níos fearr. Éilíonn muid sochaí níos ionchuimsithí do chách, áit a mbeadh meas ar ár rogha teanga, béim ar chaoinfhulaingt agus ar chomhionannas, agus áit a mbeidh ár gcearta teanga fréamhaithe agus aitheanta sa dlí. Tá muid beagnach ann. Acht Anois.”

Agus seo a leanas an méid a dúirt Clíodhna Ní Mhianáin, dalta ó Ghaelcholáiste Dhoire:

“Mar Ghael óg chonaic mise mé fein an tionchar claochlaitheach ar féidir a bheith againn mar phobal nuair a eagraíonn muid agus nuair a thugann muid dúshláin an stáit seo go gníomhach ar cheisteanna Gaeilge. D’inis siad dúinn in 2014 nach raibh cead againn meánscoil Ghaeilge dár gcuid féin a bheith againn agus chuaigh muid i mbun agóide. Bhain muid an troid sin agus in 2015 bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire le 13 dalta. Anois, tá beagnach 300 dalta i ndiaidh teacht fríd doirse ár scoile, agus mar bhall den chéad bliainghrúpa in 2015, tá mé anois ag críochnú m’aistir scoile. Ní bheadh an turas sin sa mheánscolaíochta lán-Ghaeilge indéanta murach iarrachtaí ár bpobail féin, pobal na Gaeilge, pobal a sheas an fód ar cheisteanna comhionannais agus cearta, agus a d’éiligh reachtaíocht don Ghaeilge arís agus arís eile. Anois tá ré s’againne ann, agus tá sé in am do ghlúin s’againne ár gcuid a dhéanamh, le bheith ag eagrú, ag gníomhú agus ag éileamh sochaí a bheas sásta pobal na Gaeilge a aithint agus ár roghanna teanga a cheiliúradh mar chuid lárnach de shochaí éagsúil shaibhir a thabharfas spás dúinn fás agus forbairt. Tá Gaeil óga díograiseacha, oilte agus muiníneacha anseo inniu atá sásta an troid mhaith a dhéanamh agus ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Ní ghlacfaidh muid le haon socrú eile.”

Close
Close