Gradam Ghlór na nGael 2019 bronnta ar Shéamus agus Seán Mac Seáin


Bronnadh Gradam Ghlór na nGael ar Shéamus agus ar Sheán Mac Seáin ar na mallaibh ag oíche bhronnta i gContae na hIarmhí.

Bronntar an gradam achan bhliain ar dhaoine nó ar ghrúpaí atá i ndiaidh éacht a dhéanamh don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.

Rugadh agus tógadh Séamus Mac Seáin agus a dheartháir Seán in iarthar Bhéal Feirste agus bhí siad ar bheirt den ghrúpa a chuir tús leis an Ghaeltacht uirbeach sa chathair, Bóthar Seoighe, sa bhliain 1969.

D’eascair earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh ó bhunú Bhothar Seoighe nuair a chuir an grúpa céanna tús leis an chéad Ghaelscoil, Bunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971. Bunaíodh an chéad mheánscoil lán-Ghaelach sa tuaisceart, Meánscoil Feirste nó Coláiste Feirste mar a bheirtear air anois, beagnach 30 bliain ó shin.

Is de bharr na n-éachtaí seo agus eile a bronnadh Gradam Ghlór na nGael ar na dheartháireacha aitheanta.

Bhuail Meon Eile le Séamus agus Seán chun labhairt leo faoin 50 bliain deireanach d'obair chrua ar son na Gaeilge i mBéal Feirste...

Close
Close