Gairdín Cuimhneacháin an Phobail ar Bhóthar na bhFál

Bhailigh daoine le chéile ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ar na mallaibh le seoladh mórphictiúir agus gairdín cuimhneacháin a cheiliúradh leis an Falls Residents Association agus Divis Youth Project. Thugtar ‘Gone Too Soon’ ar an tionscnamh.

D’oibrigh Raidió Fáilte go dlúth leis an dá eagraíocht seo ar an tionscnamh ‘Gone Too Soon’, a bhfuil sé mar aidhm dó cuimhneamh agus machnamh ar na daoine óga a cailleadh sa phobal áitiúil agus spás sóláis a chruthú do theaghlaigh agus cairde.

Cuireadh bláthanna éagsúla in aice leis an mhórphictiúr nua in ómós do na daoine óga seo le beatha nua a thabhairt chuig an áit agus cuimhne na marbh a choinneáil buan.

Labhair Meon Eile le Robert McClenaghan a bhí ann thar ceann an tionscnaimh speisialta seo faoin obair fhíorchrua a chuir na daoine óga ón Divis Youth Project isteach suas go dtí lá an tseolta féin. Labhair muid fosta le hAlexandra Ní Cheallaigh ó Raidió Fáilte faoin chomhpháirtíocht s’acu leis an Falls Residents Association chun an lá agus an gairdín a sheoladh.

Beidh uirlisí garraíodóireachta ar fáil sa Lon Dubh ag Raidió Fáilte do dhuine ar bith atá ag iarraidh bláthanna nua a phlandáil sa ghairdín i gcuimhne do dhuine óg atá imithe ar shlí na fírinne.

Close
Close