Gairdín an Phobail ag díriú ar fhadhb na tithíochta

Gach Aoine buaileann grúpa le chéile chun obair a dhéanamh i nGairdín an Phobail i mBéal Feirste. Is spás galánta é ag daoine bualadh le chéile, am a chaitheamh faoin nádúr agus garraíodóireacht a fhoghlaim agus, ar ndóigh, torthaí agus glasraí a fhás.

Mí ó shin, thosaigh Gairdín an Phobail ag díol na dtáirgí seo chun airgead a bhailiú do dhaoine gan tithe sa cheantar. Le níos mó na 2,000 duine in Iarthar Béal Feirste amháin ag fanacht ar theach, tá muintir Ghairdín an Phobail ag iarraidh brú a chur ar na húdaráis tithe a thógáil ar spás folamh ar Bhóthar Uachtar Chluanaí.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an Ghairdín agus labhair muid le Seán Mac Brádaigh ó Participation and Practice of Rights (PPR) a rinne cur síos ar an obair den scoth atá ar bun ann.

Close
Close