'Turas Bus Gaelach' le Brian Ervine in Oirthear Bhéal Feirste

Tá 3 thuras á gcur ar fáil ar bhonn rialta faoin Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, faoi Chon Ó Néill agus faoin taobh dearfach de na mórphictiúirí sa chuid sin den chathair.

An eagraíocht Turas a bhíonn á reáchtáil agus d'fhreastail Meon Eile ar an Turas Bus Gaelach 'Gaelic East Belfast' ar na mallaibh, tráth a labhair muid le treoraí an turais, Brian Ervine, agus le hOifigeach Forbartha Acmhainní de chuid na heagraíochta, Stiofán Carson.

Beidh turas bus eile ar siúl an 14 Deireadh Fómhair, bunaithe ar na móphictiúirí in Oirthear Bhéal Feirste. Beidh an bus ag imeacht ón Banana Block agus is féidir áit a chur in áirithe anseo.

Má tá spéis agat freastal ar aon cheann de na turais, is féidir tuileadh eolais a fháil fúthu anseo.

Close
Close