Foirgneamh nua ag Ionad Pobail 'Newhill'

Mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma in Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste le déanaí, osclaíodh foirgneamh nua ‘Newhill’ ar bharr Bhóthar na Carriage Báine.

Bhí an tArd-Mhéara, Deirdre Hargey, ann leis an ribín a ghearradh agus an t-ionad a oscailt go hoifigiúil. 

Thug Meon Eile cuairt ar an ionad pobail, atá athraithe ó bhun anois le hais an tseanfhoirgnimh a bhí ann cúpla bliain ó shin. 

Labhair muid le Jacqui Russell, bainisteoir an Ionaid, agus le daoine a d'fhreastail ar an an ionad agus iad níos óige faoi ról an ionaid sa cheantar.

Close
Close