An dara Gaeltacht uirbeach le bunú i mBéal Feirste

Tá tús curtha ag Forbairt Feirste le togra nua chun lonnaíocht Ghaeilge uirbeach a bhunú sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. 

Spreagtha ag an Ghaeltacht chlúiteach ar Bhóthar Seoighe, tá sé i gceist acu spás a aimsiú ar Bhóthar na bhFál chun cúig theach agus daichead árasán a thógáil. Tá coiste de 14 Ghael óg curtha ar bun chun tabhairt faoi fhorbairt an togra. 

Is í an aidhm ná pobal a chruthú do chainteoirí Gaeilge chun a gclann a thógáil trí mheán na teanga agus chun cuidiú le forbairt na teanga sa chathair.

Thug Meon Eile cuairt ar Fhorbairt Feirste agus labhair muid leis an Stiúrthóir Jake Mac Siacais. Dúirt sé go bhfuil an togra díreach ina thús ach go bhfuil súil aige go spreagfaidh sé pobail eile leis an rud céanna a dhéanamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Jake ar [email protected]

Close
Close