Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2019

Cuireadh an 9ú leagan d'Fhéile Ghaeltachta Thír Eoghain i gcrích an tseachtain seo caite.

Bhí réimse leathan ranganna teanga, seisiúin cheoil, ceardlanna agus taispeántais scannáin ar siúl do mhuintir na háite i sráidbhaile Chabhán an Chaorthainn.

Tháinig borradh mór ar líon na bhfoghlaimeoirí i mbliana le cuidiú ó chomhairle Lár Uladh agus tá sé ar intinn ag lucht eagraithe na féile céiliúradh níos mó arís a eagrú don bhliain seo chugainn.

Cuireadh tús le himeachtaí na seachtaine le caint ó Shéamais Mac Giolla Phádraig maidir le coincheap na Gaeltachta agus stair na Gaeilge sa cheantar maguaird.

Teagascadh an leagan Gaeilge den amhrán ‘The Mountains of Pomeroy’ le George Sigerson a d’aistrigh ag Cathal Ó Donnghaile agus cuireadh críoch leis an tseachtain le bronnadh na dteastas agus seisiún ceoil. 

Close
Close