Féile Foghlama Bhéal Feirste á ceiliúradh ag Foodstock

Tháinig scaifte le chéile inné le linn sos lóin le freastal ar bhunrang Gaeilge san Ionad Foodstock i lár Bhéal Feirste. 

Cuireadh an rang ar fáil saor in aisce mar chuid d’Fhéile Foghlama Bhéal Feirste atá ag tarlú idir an 8-14 Meitheamh.

Is é Paul Doherty bunaitheoir Foodstock, ar carthanacht é a bhíonn ag tacú leis an phobal i lár na cathrach agus i mBaile Andarsan, iarthar Bhéal Feirste. Cuireann Foodstock bia, éadaí agus earraí eile ar fáil do theaghlaigh. 

Labhair Paul linn faoin dóigh a dtugann na ranganna Gaeilge daoine le chéile ó chúlraí éagsúla agus ó gach cearn den chathair.

Tá Aoife Nic Giolla Cheara ina múinteoir Gaeilge le Foodstock agus d’inis sí dúinn faoin bhród atá uirthi as fás agus forbairt na ranganna le déanaí.

Tosóidh téarma 10 seachtaine Dé Luain, an 15 Meitheamh. Beidh bunrang agus meánrang á gcur ar fáil saor in aisce. Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Close
Close