Féile Chon Uí Néill ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste ar na mallaibh

Eagraíodh Féile Chon Uí Néill arís i mbliana, sraith imeachtaí de chuid na heagraíochta Turas a rinne ceiliúradh ar an Tiarna Gaelach deireanach in Oirthear Bhéal Feirste. 

Eagraíodh lá teaghlaigh i Ráth Lios na Bruíne, áit a raibh ceol agus dráma den scoth, chomh maith le seisiún boghdóireachta agus rogha gach bia agus togha gach dí.

Cuireadh dráma i láthair fosta le grúpa aisteoirí a rinne athchruthú ar oirniú Chon Uí Néill. Is é an Dr. Gordon McCoy a scríobh an dráma agus bhí deis ag Meon Eile labhairt le Gordon ar an lá faoin taighde atá déanta aige ar an Néilleach.

Ar a bharr sin, labhair muid le hOifigeach Forbartha Acmhainní de chuid Turas, Stiofán Carson, faoin tábhacht a bhaineann le stair Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste a chur in iúl don phobal áitiúil.

Close
Close