An fhéile ‘An Focal Beo’ ag cur na Gaeilge chun cinn i Leitir Ceanainn

D'eagraigh Líonra Leitir Ceanainn an fhéile An Focal Beo le déanaí i spásanna éagsúla ar fud an bhaile. Is í seo an dara bliain den fhéile agus tá s agus forbairt tagtha uirthi cheana féin le himeachtaí do gach aoisghrúpa.

Is féile deich lá í An Focal Beo agus is é príomhsprioc na féile ná an Ghaeilge a scaipeadh trí imeachtaí spraíúla leis an fhilíocht, scéalaíocht agus comhrá ag croílár an cheiliúrtha. Ina measc bhí ceardlanna amhránaíochta agus scríbhneoireachta. Bhí tob-Ghaeltacht agus seisiúin cheoil acu agus ba é an príomhimeacht ná painéal plé ar Éirinn aontaithe. 

Thug Meon Eile cuairt ar Leitir Ceanainn agus labhair muid le Bairbre Uí Chathail ó Líonra Leitir Ceanainn a labhair faoi thábhacht na bhféilte ina bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh agus an dóchas atá acu don fhéile sna blianta amach romhainn.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close