Feachtas ar son chomharthaíocht na Gaeilge san Ard-Chúirt

Tá athbhreithniú breithiúnach tugtha ag bean as Iarthar Bhéal Feirste i gcoinne Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi na bpolasaí i leith chomharthaí sráide dátheangach.

Thug Eileen Reid arbh as Céide Bhaile Uí Mhurchú cás dlí i gcoinne na comhairle cathrach siocair gur dhiúltaigh siad comharthaíocht dátheangach a cheadú cé go raibh móraimh an phobail ar a son.

I gcás Céide Bhaile Uí Mhurchú in Iarthair Bhéal Feirste, vótáil 52 as 92 (57%) ar son na comharthaíochta, vótáil duine amháin ina choinne, níor chaith 39 (42%) duine vóta.

Deir polasaí na comhairle cathrach go gcaithfidh dhá thrian de chonáitheoirí vótáil ar son athrú comharthaíochtaí. Déantar vótaí nach gcaitear a chuntas i gcoinne an rún.

Dúirt abhcóide na mná, an tUasal White go bhfuil polasaí na comhairle neamhdhleathach agus go dtagann sé salach ar an Chairt um Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh.

“‘Sé sprioc na Cairte go ndéanfar úsáid mionteangacha á eascú, á spreagadh agus á cothú sa saol poiblí….níl seo ag tarlú i gcás chomhairle cathrach Bhéal Feirste,” a dúirt an tUasal White.

Dhiúltaigh abhcóide na comhairle cathrach glacadh lena líomhaintí a cuireadh ina leith agus dúirt sé go raibh gá le cuóta vótála chomh hard ionas nach mbeadh ainmneacha sráide a athrú ar bhonn rialta.

Thug an Bhreithimh Mark Horner le fios go mbeadh drogall air polasaí na comhairle á athrú siocair gur vótáil baill tofa den cheantar ar a son.

Is ionann an pholasaí atá ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Lios na gCearrbhach agus Comhairle Baile an Chaisleáin Riabhaigh.

B’iad an t-eagras phobal, Glór na Móna a ndeachaigh i mbun stócaireachta chun go nglacfaí le hainm Ghaeilge ‘Ballymurphy Drive’ mar theideal na sráide.

Labhair Meon Eile le hOifigeach Gaeilge an eagrais, Brónagh Fusco faoin mhéid a thit amach..

Brónagh Fusco, Glór na Móna ag caint ar chúlra an chás dlí

Comharthaíocht turasóireachta ina chnámh spáirne…

Tá Bord Tuarasóireachta Thuaisceart Éireann (BTTÉ) os comhar Bhinse Saoráil Faisnéise siocair gur dhiúltaigh siad caipéisí a chur ar fáil faoi na gcinneadh gan chomharthaíocht dátheangach a mhaoiniú i nDún Phádraig.

Bhronn BTTÉ deontas £200,000 ar thionsnaimh thuarasóireachta i gcontae an Dúin dhá bhliain ó shoin an chóiníoll gurbh i mBéarla amháin a bheadh an chomharthaíocht mórthimpeall cósán Siúlóide Dhún Phádraig.

Ghlac Comhairle Ceantair an Dúin go drogallach leis an mhaoiniú in ainneoinn pholasaí dátheangach a bheith acu.

Deir an Choiste um Riaradh an Cheartais (CAJ) go ndearna an Bhoird Turasóireachta sárú ar chearta teanga agus ar an Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Dúirt iar-Príomhfheidhmeannach BTTÉ, Alan Clarke gur dhiúltaigh sé don iarratas dátheangach ar ordú na Roinne Fiontar, Trádála agus Infheistíochta.

Lorg an CAJ gach caipéis chomhfhreagras faoi mhaoiniú an thionsnaimh sa tréimhse i ndiaidh an chinneadh. Tá an Bord Turasóireachta ag diúltiú cúig chaipéisí airithe a scaoileadh.

Maíonn BTTÉ go ndéanfaí dochar d’iompar a ngnóthaí poibí dá ndéanfaidís na gcúig cháipéisí a roinnt.

Tuigtear do Meon Eile gur chomhfhreagas ón Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta agus comhairle dlíadóra atá sna gcaipéisí seo.

Chuir an Choiste um Riaradh an Cheartais agus Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann a n-argóintí os comhair na binse fiosruithe fáisnéise níos túisce an mhí seo. Siocair roinnt eolais a bheith fágtha ar lár, táthar le teacht os comhair na Binse Fiosruithe arís roimh dheireadh na bliana seo.

Dún Pádraig
Dún Pádraig

Cúlra an scéil

Sa bhliain 2010, bhronn BTTÉ £200,000 infheistíocht iomlana ar luach £1 milliúin ar chomhairle an Dúin chun sé thionsnaimh chomharthaíochta a fhorbairt sa chontae, cosán siúlóide Dúnphádraig san áireamh.

Lorg an Chomhairle go mbeadh comharthaíocht an thionsnaimh siúloide dátheangach, gníomh a thacófá le beartas dátheangach na comhairle.

D’iarr an Bhord Turasóireachta comhairle fán iarratas dátheanga ar an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta (RFTI).

Léiríonn comhfhreagras a cuireadh ar fáil faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise gur scríobh Rúnaí don Aire Arlene Foster chuig Phríomhfheidhmeannach an Bhoird Tuarasóireachta, Alan Clarke ag moladh gan mhaoiniú a cheadú ar chomharthaíocht dhátheangach.

“Please note that the Minister has instructed that NITB policy as outlined in the attached paper should be adhered to and that NITB should not consider funding bilingual signage outside of this policy.”

– Litir ón Rúnaí Príobháideach na Roinne Fiontar, Trádála agus Infheistíochta, Mí Éanair 2011.

Diúltiú leis an chomharthaíocht

Sna sáile ar litir na Roinne, scríobh Príomhfheidhmeannach an Bhord Turasóireachta, Alan Clarke leis an chomhairle ag moladh comharthaíochta turasóireachta i mBéarla amháin.

NITB has seen no evidence from the visitor perspective that a change from this approach would have any economic merit or improve visitor experience.”

- Treor ó iarPhríomhfheidhmeannach BTTÉ, Alan Clarke chuig Chomhairle Ceantair an Dúin

Cothaigh litir an Bhord Tuarasóireachta míshástacht i measc baill an chomhairle. Lorg an t-iar Chomhairleoir Éamonn Mac Con Midhe comhairle dhlí fán litir ag tús 2012.

Moladh don tUasal Mac Con Midhe in ainneoin an chosúltachta go raibh beartas BTTÉ mídhleathach nach mbeadh ach leath seans acu i gcás athbhreithniú breithiúnach.

Ghlac Comhairle Ceantair an Dúin go drogallach leis an mhaoiniú in ainneoinn pholasaí dátheangach a bheith acu.

Dúradh leofa go raibh baol ann go gcaillfidís an mhaoiniú mura ndéanfadh siad an thionsnaimh turasóireachta a fhorbairt go luath.

Mar chomhartha míshástachta, thug an Chomhairle Ceantair droim lámha do mhaoiniú na gcomharthaí siúlóide toisc gur chuid bheag den infheistíocht iomláine ab ea costais na comharthaíochta.

Coiste um Riaradh an Cheartais ar lorg freagraí…

Ag an tráth seo, léirigh Daniel Holder ón Choiste um Riaradh an Cheartais buairt faoi ‘pholasaí neamhscríofa’ an Bhord Turasóireachta i leith na Gaeilge.

Scríobh an tUasal Holder, chuig an Bhord Turasóireachta i samhradh na bliana 2012 ag cur ina léith go raibh reachtaíocht cearta daonna á sárú acu.

Léiríonn caipéisí atá feicithe ag Meon Eile gur lorg iarPhríomhfheidhmeannach an Bhord Turasóireachta, Alan Clarke treoir ón Aire Arlene Foster sna sáile ar na líomhaintí a rinne an tUasal Holder.

Scríobh ionadaí ón Roinne chuig an Bhord Turasóireachta ag iarradh orthu comhairle dlí a lorg agus gan bheartas a bhunú:

“Do not formalize a policy, but stand over the current approach.”

-litir ón Roinn Fiontar, Trádáil agus Infheistíochta, Méan Fómhar 2012

Roinn Fiontar, Trádáil agus Infheistíochta ag gabháil siar ar á gcomhairle…

Léiritear i gcomhfhreagas eile chuig an Bhord Turasóireachta ag deireadh mí Dheireadh Fómhair go ndeachaigh an Roinn Fiontar, Trádáil agus Infheistíochta siar ann ar an chomhairle a bhí tugtha acu:

“Previous correspondence from DETI to NITB in September, 2012 & January 2011 should not be considered as formal ‘directions’ and they should not be treated as such.”

-Litir ón Roinn Fiontar, Trádáil agus Infheistíochta, 17 Deireadh Fómhar 2012

Tugadh le fios le linn na Binse Fiosruithe go mbaineann roinnt den chomhfhreagras atá a chur faoin cheilt leis an tréimhse i ndiaidh an 17ú Deireadh Fómhar 2012. Tá an chás le bheith os comhair na Binse Saoráil Fiosruithe roimh dheireadh na bliana.

Close
Close