Seoladh ‘Domhan Mór na Gaeilge’ in Aonach Mhacha

Seoladh ‘Domhan Mór na Gaeilge’ in Aonach Mhacha ar na mallaibh, comhoibriú iontach idir Gael Linn, An Gréasán agus an Creative Workers Cooperative. Rinneadh an réamhobair don togra seo le linn na paindéime ach níor chuir sin stop leis an chruthaitheas nó leis an chomhoibriú sna cruinnithe Zoom go léir.

D’fhreastail an craoltóir Lynette Fay ar an oíche mar aoichainteoir agus bhí ceol binn ón cheoltóir agus amhránaí, Piaras Ó Lorcáin, agus ó dhaltaí as Bunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha.

Is feachtas ar leith é Domhan Mór na Gaeilge atá tiomanta go hiomlán ag carachtar beochana darb ainm ‘Bricriú’, atá guth gasúir óig aige atá lán de phearsantacht agus greann, rud a chuireann go mór leis agus a dhéanann é níos tarraingtí do dhéagóirí go háirithe.

An aidhm atá leis an fheachtas seo ná nascadh le páistí óga, le daltaí na meanscoileanna lán-Bhéarla agus lena dtuismitheoirí, lena spreagadh i dtreo rogha na Gaeilge. Tá an feachtas ag díriú ar aoisghrúpa atá ar chineál de chrosbhóthar ina saol agus a bhfuil GCSEnna go fóill le roghnú acu. Cuirfidh Domhan Mór na Gaeilge déagóirí óga ar an eolas faoi na buntáistí agus deiseanna ollmhóra a bhaineann leis an Ghaeilge, agus spreagfaidh sé iad le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge mar ábhar GCSE. Ar a bharr sin, táthar ag súil go méadóidh suim na ndaltaí ó mheanscoileanna lán-Bhéarla freastal ar choláistí Samhraidh chomh maith.

Labhair Meon Eile le Dessie Tennyson, Múinteoir Sinsireach agus Ceann an tSrutha Gaeilge i Scoil Iósaef Domhnach Mór agus ball bunaithe An Gréasán, le Shane Ó Coinn, Múinteoir Gaeilge i nDún Dealgan agus Cathaoirleach ar An Gréasán, agus le Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn.

Tá an feachtas seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus á fhorbairt ag Creative Workers’ Co-Operative agus Gael Linn do An Gréasán. Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh úrnua ‘Domhan Mór na Gaeilge’ anseo.

Close
Close