Is grúpa siúl le madaí é Doggy Danders a bhuaileann le chéile gach tráthnóna Dé Domhnaigh ag 1.30in i bPáirc na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste.
Is é Jim Deeds agus a chairde a bhunaigh an grúpa ag deireadh na bliana seo caite agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tá pobal cairdiúil tógtha acu agus is deis iontach é do mhuintir na háite agus dóibh siúd atá i ndiaidh bogadh chuig an cheantar bualadh le daoine nua.
Ar a bharr sin, ina dhiaidh gach siúlóide téann an scaifte go Seven Coffee, caifé áitiúil ar Bhóthar an Ghleanna. Cuireann an caifé fáilte roimh mhadaí mar sin tá sé foirfe don ghrúpa a scíth a ligean ann. Bíonn 'puppuccino' ar fáil do gach madadh chomh maith!
D'fhreastail Meon Eile ar Doggy Danders ar na mallaibh ar lá galánta grianmhar - bhí 79 nduine agus 52 mhadadh páirteach san ócáid.
Bíonn fearadh na fáilte roimh dhuine ar bith teacht fosta, fiú muna bhfuil madadh acu féin.
Is féidir Doggy Danders a leanúint ar Instagram anseo.