Ceiliúradh ar dheireadh na scoilbliana ag Gaelscoil na Móna

Chuir Gaelscoil na Móna seó samhraidh ar siúl ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh scoilbhliana eile. Chan achan rang sa scoil amhráin agus bronnadh teastais ar na páistí chomh maith.

Labhair Meon Eile le beirt mhúinteoirí, Chrissie de Riseamann agus Gráinne Ní Mhaoláin, a labhair faoin chúpla bliain dhúshlánach a bhí acu agus faoi na doigheanna a ndeachaigh an scoil i ngleic leis sin.

Labhair muid le páistí scoile fosta faoin athrú a bhí le teacht i ndiaidh an tsamhraidh: bogadh go dtí rang níos airde nó ar aghaidh chuig an mheánscoil.

Bhí an scoil ar fad ag súil go mór le sos an tsamhraidh agus leis an scoilbhliain úr a bheidh amach rompu.

Close
Close