Cuireadh fearadh na fáilte roimh láithreoirí nua Raidió Fáilte ar na mallaibh ag an chéad chúrsa traenála den bhliain sa stáisiún. Is cúrsa 3 seachtaine é seo a thugann léargas ar dhomhan an raidió agus ar na scileanna a bhaineann le clár raidió a léiriú.
Is é Pól Ó Néill, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin i Raidió Fáilte, atá i mbun an chúrsa agus is é an sprioc is mó atá aige ná muinín a spreagadh sna hoiliúnaithe.
Is gné iontach tábhachtach iad na cúrsaí traenála seo do shaol agus cúram Raidió Fáilte agus iad ag feidhmiú mar stáisiún pobail. Dúirt Pól le Meon Eile go mbeidh réimse leathan cúrsaí ar fáil amach anseo: cúrsaí podchraoltóireachta agus cúrsa scileanna DJ-ála, mar shampla.
Féach ar mheáin shóisialta Raidió Fáilte le tuilleadh eolais a fháil.


