Cúrsa Sábháilteachta Uisce i mBun an Inbhir

Chuaigh páistí i nDún na nGall isteach san fharraige an tseachtain seo mar chuid de chúrsa sábháilteachta uisce a reáchtáil Sábháilteacht Uisce na hÉireann. 

Báitear thart ar 120 duine achan bhliain in Éirinn, agus thart ar 30 acu faoi aois 14. Anois go bhfuil an aimsir ag éirí níos teo agus níos mó daoine ag dul a shnámh, tá Sábhailteacht Uisce na hÉireann ag iarraidh líon na ndaoine a bháitear a laghdú fríd ranganna agus cúrsaí oideachais a chur ar fáil.

Chaith Meon Eile lá ar thrá Bhun an Inbhir le fáil amach cad é mar a bhí ag éirí leis na páistí ann agus iad ag foghlaim cén dóigh le bheith cúramach muiníneach agus iad san uisce.

Close
Close