Cúrsa Podchraolta le Raidió Fáilte mar chuid de Liú Lúnasa

Eagraíodh sraith de cheardlanna podchraolta i Raidió Fáilte ar na mallaibh, mar chuid de Liú Lúnasa 2023.

D’fhreastail scaifte breá ar na ceardlann idirgníomhacha sultmhara seo, ón Chéadaoin go dtí an Aoine. Is iad Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte, Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh, agus an Teicneoir Fuaime, Eoghan Ó Néill, a bhí ina mbun.

Bhí neart le foghlaim le linn an chúrsa seo, idir chomhairle agus taithí phraiticiúil sa stiúideo. Míníodh an rud is podchraoladh ann, an dóigh is fearr chun teacht ar ábhar foirsteanach agus an dóigh le struchtúr agus leagan amach éifeachtach a thabhairt don chlár.

Bhí deis ag na rannpháirtithe dul i dtaithí ar an treallamh go léir a bheadh de dhíth orthu chun podchraoladh a dhéanamh agus ansin, ag deireadh gach seisiúin traenála, rinne siad podchraoladh a thaifeadadh agus a chur in eagar le chéile.

Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Néill ar an chéad lá den chúrsa.

Má tá suim agat podchraoladh trí mheán na Gaeilge a dhéanamh, bí i dteagmháil le Raidió Fáilte anseo.


Close
Close