Cumann Óige an Ghleanna


Coicís ó shin, bhí ar Chumann Óige an Ghleanna in iarthar Bhéal Feirste a ndoirse a dhruidim de dheasca na dtuilte a tháinig leis an drochaimsir ar na mallaibh.

Dá thoradh sin, bhí páistí áitiúla fágtha gan chlub ná spás le dul i ndiaidh scoile - gan spás le teacht le chéile chun spraoi a bheith acu i nGaeilge i measc cairde. 

Tá ceithre Chumann Óige Ghaelacha i mBeál Feirste san iomlán agus díríonn Cumann Óige an Ghleanna ar an phobal Gaeilge i Léana an Dúin agus Bóthar Bhaile Andarsan, áit a bhfuil an-ráchairt ar áiseanna dá leithéid

Le blianta anuas, tá an seanfhoirgneamh ag titim as a chéile, tá cuid den treallamh briste agus lucht an chumainn fágtha gan teas ar bith.

Anois, áfach, agus an díon briste agus uisce san áit, dúirt an tÚdarás Oideachais nach raibh an spás sábháilte a thuilleadh agus cuireadh cosc iomlán ar dhul isteach san fhoirgneamh.

Chuaigh an grúpa áitiúil Glór na Mona i dteagmail leis an Údarás Oideachais a dúirt nach raibh go leor airgid ann chun an foirgneamh a dheisiú. D’eagraigh Glór na Mona, le tacaíocht ón phobal Gaelach, feachtas leis an ionad a chur ar bun ar ais. Chuaigh siad amach chun seasamh san fhearrthain taobh amuigh den fhoirgneamh ar Bhóthar Charraig Airt le haird an Údaráis Oideachais a tharraingt ar a gcás.

An lá dár gcionn chuir an tÚdarás Oideachais an ráiteas seo thíos amach:

The Carrigart Youth Centre is temporarily closed due to emergency maintenance, caused by extensive flooding. The local youth officer, Pauline Smart, is liaising with staff and local youth providers to provide an alternative venue, namely St Michael’s Youth Club at Finaghy Road North. This will provide continuity of provision for young people who require it.”

Déardaoin ina dhiaidh sin, bhuail pobal Gaelach Léana an Dúin le chéile i mBunscoil Phobal Feirste le cúrsaí a phlé. Bhí orthu amanna agus dátaí a shocrú chomh maith chun bogadh go dtí an spás nua a cuireadh ar fáil dóibh.

De réir an Údaráis Oideachais, tá siad ag ligint do Chumann Óige an Ghleanna ionad Naomh Mícheál a úsáid go dtí go mbeidh an foirgneamh ar Bhóthar Charraig Airt deisithe.

Labhair Meon Eile le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, Orliath Mhic Leannáin, Comhordaitheoir Óige do Ghlór na Móna, Gerard McGuinness, Ceannaire Chumann Óige an Ghleanna, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge agus Eoin-Ró Mac Liam, dalta scoile a bhaineann úsáid as an chumann ar bhonn rialta.

Close
Close