Cumann Fichille Iarthar Bhéal Feirste ag dul ó neart go neart

Bunaíodh Cumann Fichille Iarthar Bhéal Feirste (West Belfast Chess Club) i mí na Samhna 2020 le go mbeadh spás sóisialta ann do mhuintir na háite a bhí ag iarraidh an cluiche clúiteach a imirt.

Craig Robinson agus Aidan Garner a chuir an club ar bun agus buaileann na baill le chéile gach Luan ag Dan’s Bar ar Bhóthar Chluanaí. Cuirtear fáilte roimh dhaoine de gach aois agus cumas agus bíonn atmaisféar cairdiúil compordach ann, agus é iomaíoch in amanna fosta!

Thug Meon Eile cuairt ar an chumann agus labhair muid le Dan Ó Murchú ó Beechmount Residents Collective, a chuidíonn leis an chumann, agus le Craig féin.

Más spéis leat ficheall a imirt agus páirt a ghlacadh sa chumann, tá sonraí anseo.

Close
Close