Cumann Ceoil Thraidisiúnta Bhaile na Scríne

Gach bliain i measc shléibhte na Speiríní i nDeisceart Chontae Dhoire, eagraítear ceardlanna ceoil dátheangacha i mBaile na Scríne ag Cumann Ceoil Thraidisiúnta an cheantair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an cheol agus ar an teanga.

I mbliana, d’fhreastail slua ollmhór ar na ceardlanna a dhírigh ar an amhránaíocht, an fhidil, an fheadóg stáin, an bodhrán, an bainseó, an consairtín, an chláirseach agus ar an chairdín. 

Ag deireadh an lae, tháinig na ranganna uilig le chéile chun taispeántas ceoil agus seisiún a bheith acu le chéile sa halla mór. Cuireadh fáilte roimh theaghlaigh na bpáistí a bheith i láthair chun scoth an cheoil a chloisteáil.

Ba dheis iontach í an lá do mhuintir na háite idir óg agus aosta teacht le chéile, amhráin agus poirt nua a fhoghlaim i gcomhluadar deas agus a gcuid Gaeilge a cheiliúradh fríd an cheol.

Close
Close