Conspóid Bhóthar an A6

Bhí tionchar mór ag tuath agus ag tírdhreach dheisceart Dhoire ar shaothar Seamus Heaney, saothar a bhain duais Nobel dó. Anois, tá bagairt ann don tírdhreach sin.

Chuir rialtas an Tuaiscirt tús le scéim tógála bóthair ar fiú £160 milliún é i mí Dheireadh Fómhair 2016.

Mar chuid den scéim tógfar bóthar débhealach sa mhullach ar cheantar Seamus Heaney. Beidh an bóthar in ann glacadh le 22,000 feithicil in aghaidh an lae.

Labhair Meon Eile le daoine áitiúla chun a gcuid tuairimí féin a fháil faoin togra.

Close
Close