Comórtas Filíochta Phádraic Fiacc

Chuir Cultúrlann McAdam Ó Fiach ócáid filíochta ar siúl le déanaí chun an file mór le rá, Pádraic Fiacc, a cheiliúradh.

Labhair Máire Zepf le Meon Eile faoin mholtóireacht a bhí le déanamh aici féin agus ag an bheirt mholtóirí eile ar na dánta a chuir mic léinn ó scoileanna éagsúla isteach ar an chomórtas.

Tháinig na scoileanna le chéile sa Chultúrlann don ócáid bhronnta, áit ar tugadh aitheantas do na buaiteoirí agus ar cuireadh ceol agus filíocht i lathair.

Labhair Clíodhna Nic Néill faoin tábhacht a bhaineann le muinteoirí a bheith ag spreagadh a gcuid mac léinn le dul i mbun pinn agus le filíocht a scríobh.

Close
Close