Comhdháil chomhoibríoch ar an díchoilíniú

Bhailigh slua breá le chéile i scoil Naomh Comgall ar Bhóthar na bhFáil ar na mallaibh le téama an díchoilínithe a phlé os comhair an phobail. Tugadh deis do thaighdeoirí, d’ealaíontóirí, do ghníomhaithe teanga agus do mhic léinn cur i láthair a thabhairt ar an mhórthéama seo ar phainéil éagsúla le linn an lae.

Comhdháil dhátheangach a bhí ann a reáchtáladh mar chomhpháirtíocht idir Glór na Móna agus Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus cuireadh réimse leathan ábhair i láthair a d'fhág gur pléadh an cheist go cuimsitheach ó thús deireadh.

Labhair muid leis an Dr. Síobhra Aiken agus leis an Dr Órla Nig Oirc faoi thábhacht na comhdhála, go háirithe mar gur imeacht pobail agus ollscoile in éineacht a bhí ann. Dúirt an bheirt acu go bhfuil an caidreamh idir an dá chuid sin den tsochaí fíorthábhachtach agus muid ag déanamh comóradh ar thréimhse na coimhlinte agus mórócáidí eile.

Labhair muid fosta le Jake Mac Siacais a bhí ag caint ar an lá faoin ‘Slabhra Gan Bhriseadh’ agus úsáid na Gaeilge i réimse na príosúntachta.

Is mór an freastal a bhí ar an chomhdháil, rud a léirigh go bhfuil suim mhór i measc an phobail sna ceisteanna seo a chíoradh.

Close
Close