Comóradh ar an Dara Cogadh Domhanda

Bhí an ghrian ag soilsiú ar an scaifte mhór a bhí i láthair ar chomóradh an Dara Cogadh Domhanda a bhí ar siúl ar Thrá na Cille, Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall ar na mallaibh.

In 1942 thuairteáil eitleán RAF Lockheed Hudson ar an trá agus tháinig an ceathrar píolóta slán…

Cé go raibh Éire neodrach sa chogadh agus ceart acu na fir seo go príosún, chuidigh na Gardaí agus cuid de mhuintir na háite leo. Chomh maith le bia agus leaba a thabhairt dóibh, d’imigh siad trasna na teorann go campa de chuid an RAF i nDoire le breosla a fháil dóibh.

An lá arna mhárach d’fhág an ceathar píolóta slán ag muintir Dhún Fionnachaidh agus d’imigh siad ar a mbealach go hAlban, gan dearmad a dhéanamh ar chineáltas na ndaoine seo a choíche.

As an 1,500 píolóta a rinne an turas trasna an Atlantaigh sa tréimhse seo, cailleadh 500 acu.

Tógadh leacht i gcuimhne na heachtra ar Thrá na Cille ar na maillibh.

Ócáid mhór cheiliúrtha a bhí ann agus bhí iníon de chuid píolóta amháin, Sgt Dzinkowski, i láthair chun an leacht a nochtadh.

Bhí na deartháireacha Liam agus Seán Ó Gallachóir i láthair fosta. Bhí athair s’acu ina gharda ag Dún Fionnachaidh agus cuimhne mhaith ag an bheirt ar an lá. Bhí daoine ó Cheanada, ón Bhreatain agus ó na Stáit Aontaithe chomh maith le hAire Cosanta na hÉireann.

Ghlac páistí ó na scoileanna áitiúla páirt san ócáid agus rinne eitleán de chuid an ‘Air Corps’ an turas céanna a rinne an t-eitleán in 1942.

Comóradh an Dara Cogadh Domhanda
Close
Close