Comóradh 90 bliain de Choláiste Bhríde, Rann na Feirste

Tá laethanta na gcoláistí samhraidh mar chuimhní ceannúla ag lear mór daoine fud fad na tíre.

Is cinnte dearfach go bhfuil Coláiste Bhríde Rann na Feirste ar cheann de na háiteanna is ansa agus is aitheanta leis na múrtha scoláirí ó thuaidh ach go háirithe.

Agus Gaeltacht Ó Méith Mara ag dul i léig ag tús an chéid seo caite i gContae Lú, shocraigh an tAthair Lorcán Ó Muirí, duine de bhunaitheoirí Choláiste Bhríde, an coláiste a athlonnú go hIarthuaisceart Thír Chonaill.

Tháinig borradh an-mhór faoi Choláiste Bhríde sna blianta ina dhiaidh sin, agus í anois aitheanta ar cheann de mhórcholáistí samhraidh na tíre leis na céadta scoláirí ag déanamh ar an bhaile bheag fearainn seo neadaithe faoi scáth na hEaragaile.

Mar chuid de chomóradh 90 bliain de Choláiste Bhríde eagraíodh imeacht mór ceiliúrtha in ómós d’iarUachtarán Choláiste Bhríde, Seán Ó Labhra, a cailleadh anuraidh.

Seo blaiseadh ó chuid d’imeachtaí an chomórtha. Labhair lucht na Coláiste, duine de bhunadh an bhaile agus iarscolaire faoina gcuimhní féin ar an Choláiste thar na blianta.

Comóradh 90 bliain de Choláiste Bhríde
Close
Close