Ceardlann chartlannaithe ag CnaG agus An tUltach

Chuir Conradh na Gaeilge agus An tUltach imeacht ar siúl le chéile ar na mallaibh, in Áras Uí Chongaile i mBéal Feirste, le cuidiú ó Frankie Quinn, ón Belfast Archive Project.

Ceardlann chartlannaithe a bhí ann, inar taispeánadh do dhaltaí scoile agus do bhaill den phobal an dóigh le cartlann a chur le chéile, le grianghrafanna agus seandoiciméid a shábháil agus an tábhacht a bhaineann le himeachtaí stairiúla a thaifeadadh. 

Rinne Helen Ní Ruanaidh ó An tUltach cur síos ar stair an irisleabhair agus labhair sí linn faoi na dóigheanna éagsúla a bhfuil siad ag iarraidh na seanchóipeanna a chur os comhair an phobail. Beidh cartlann ag oscailt ag An tUltach darb anim “Stair Faoi Cheilt” le go mbeidh an pobal in ann amharc ar na cóipeanna - a théann siar go 1924 - agus staidéir a dhéanamh.

Bhí Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge ann fosta a labhair faoi shean-ghrianghrafanna agus seanphíosaí scríbhneoireachta atá á lorg acu ó phobal Gaeilge an tuaiscirt le go gcuirfear i gcartlann iad lena sábháil don cheád ghlúin eile.

Má tá spéis agat sna cartlanna seo a fheiceáil, nó má shíleann tú go bhfuil grianghraf, físeán nó cáipéis staire agat a bheadh úsáideach don togra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na heagrais thíos.

An tUltach   Conradh na Gaeilge   Belfast Archive Project

Close
Close