Bunchúrsa d'oiliúnaithe nua an Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Tá tús curtha le Scéim na nIontrálaithe Nua 2026/27 de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge le bunchúrsa atá á reáchtáil ag Macha Media in Áras Raidió Fáilte.

Cuireann Scéim na nIontrálaithe Nua traenáil ar fáil do dhaoine atá ag teacht isteach chuig earnáil na teilifíse agus an raidió den chéad uair. Bhí an-éileamh ar scéim na bliana seo toisc nár reáchtáladh í don bhliain 2025/26.

Gheobhaidh na daoine ar éirigh leo spás a fháil taithí i roinnt comhlachtaí léiriúcháin teilifíse ó thuaidh (nó i gcás Shórcha Haughey atá ag tabhairt faoin taithí raidió, sa BBC agus i Raidió Fáilte). Sula dtosóidh siad sna socrúcháin sin, áfach, tá coicís traenála le caitheamh acu agus an bunchúrsa seo dá n-ullmhú don chineál oibre a bheidh idir lámha acu san earnáil.

Labhair Meon Eile le hAntaine Ó Donnaile ó Macha Media, a stiúrann an bunchúrsa seo go bliantúil, agus le triúr atá ina n-oiliúnaithe i mbliana – Maithín Ó hÁgáin, Erin Ní Mhuirí agus Sórcha Haughey – faoi na spriocanna atá acu agus iad ag cur tús lena n-aistir san earnáil. Chuala muid ó Phroinsias Ó Coinn fosta, a tháinig isteach mar aoichainteoir le labhairt faoin scéalaíocht agus le roinnt moltaí a thabhairt mar alumnus de chuid na scéime.

Close
Close