Baineadh siar as pobal an cheoil ar bhás tragóideach Eithne Vallely ag deireadh mhí Lúnasa agus í 81 bhliain d’aois.
Ceoltóir ceannródaíoch a bhí in Eithne a bhunaigh Cumann Píobairí Ard Mhacha 60 bliain ó shin lena fear chéile Brian. Tá an Cumann go fóill ag dul ó neart go neart sa lá atá inniu ann a bhuí lena gcuid oibre agus na céadta scoláirí ag teacht fríd na doirse gach bliain.
Máthair agus seanmháthair ghrámhar a bhí in Eithne agus ba chrann taca an teaghlaigh í.
Ba as Leifear, Contae Dhún na nGall, í Eithne ó dhúchas ach is i gCathair Ard Mhacha a chaith sí an mhórchuid dá saol.
Labhair Meon Eile le triúr ón Chumann Píobaireachta a raibh an-tionchar ag Eithne orthu.
Sheinn Gerry Lappin fonn ar an bhosca ceoil a sheinn sé d’Eithne ar na mallaibh agus labhair faoin obair dhícheallach a chur sí isteach sa Chumann Píobaireachta.
D’inis Tara Nic Giolla Seanáin dúinn faoin dlúthchaidreamh a bhí aici le hEithne agus dúirt sí gurbh í Eithne ceann de na fáthanna is mó a bhfuil sí ag seinm ceol traidisiúnta inniu.
Labhair Tiarnán Ó Duinchinn faoi na héachtaí a bhain Eithne amach le linn a saoil, na leabhair cheoil a d’fhoilsigh sí ina measc, agus an bhaint a bhí aici le Cumann Lúthchleasaíochta Ard Mhacha.
Ba mhaith le foireann Meon Eile comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus le gaolta Eithne agus lena cairde ar fad.
Tá muid go mór faoi chomaoin ag Aonach Mhacha, Cumann Píobaireachta Ard Mhacha agus Cumann Lúthchleasaíochta Ard Mhacha as a gcuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.

