Ar chóir cead pósta a thabhairt do shagairt?

Is é an Pápa Proinsias an 266ú duine sa ról is mó san Eaglais Chaitliceach.

Tá cúlra suimiúil ag fear na hAirgintíne agus bhí neart taithí aige ar ghnáthshaol an phobail sular oirníodh é - go deimhin d'oibrigh sé mar dhoirseoir slándála tráth.

Deirtear go bhfuil sé ag oscailt doirse san Eaglais i leith roinnt ceisteanna comhaimseartha.

Ceann do na rudaí a d’iarr sé go poiblí ná nach mbeifí ródhian ar dhaoine a théann tríd an cholscaradh.

Thosaigh sé seo caint san Eaglais faoina chreideamh mar Chaitliceach agus bhí díomá ar chuid daoine gur tosaíodh a leithéid de phlé.

Níor chuir sé isteach ar an Phápa féin áfach agus é ráite aige fosta go bhfuil sé ar son comhrá a thosú maidir leis an chead a bheith ag sagairt pósadh - luaigh sé an fhéidearthacht go mbeadh fir phósta in áiteanna iargúlta san Amasóin in ann a bheith ina sagairt chun obair na hEaglaise a dhéanamh sa dufair.

Labhair Meon Eile le sagairt agus le mná rialta mar sin faoina dtuairimí ar an phósadh san Eaglais agus ar an Phápa Proinsias...

Close
Close