Campa Samhraidh Fíorúil Ghlór na Móna


Achan bhliain cuireann na cumainn óige Ghaeilge ar fud na tíre scéim samhraidh ar siúil do dhaoine óga áitiúla ach, ar ndóigh, tá sin athraithe anois de bharr an choróinvíris.

Bhuail Meon Eile le hOrliath Mhic Leannáin agus Geardóidín Nic Cathmhaoil ó Glór na Móna atá ag reáchtáil scéimeanna samhraidh fíorúla i mbliana.

Tá pacáistí gníomhaíochtaí curtha le chéile acu agus tugtar ceann do gach páiste atá páirteach sa scéim. Chomh maith leis sin, iarrann siad ar na teaghlaigh uilig dul amach faoin dúlra agus spriocanna éagsúla a bhaint amach. Tá Glór na Móna ag iarraidh gnáthshamhradh spraíúil a bheith ag na páistí, agus sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge chomh maith.

Tá an chéad bhabhta den champa críochnaithe anois ach beidh ceann eile ar siúl an 13-17 Iúil agus ansin arís i mí Lúnasa. Le pairt a ghlacadh ann agus do phacáiste gníomhaíochtaí a fháil, is feidir dul i dteagmháil le Glór na Móna ar 028 9023 4442.

Close
Close