Campa Mhacha atosaithe don samhradh

Cuireadh tús le Campa Mhacha an tseachtain seo caite, scéim samhraidh Ghaeilge in Aonach Mhacha a chuirtear ar fáil do dhaltaí bunscoile ó Rang 1 go dtí Rang 7.

Labhair Meon Eile le Cáit Ní Choirbhín agus Caoimhe Fanthorpe faoin champa i mbliana agus thug muid cuairt ar na daltaí a bhí ar turas go dtí Stáblaí an Pháláis sa chathair. Agus iad ann rinne siad ceardlanna ealaíne, drámaíochta agus ‘Scéalta na gCrann’.

Is í príomhaidhm an champa ná Gaeilge na bpáistí a fhorbairt taobh amuigh den seomra ranga trí spraoi, spórt, ceol, agus roinnt mhaith imeachtaí eile.

Close
Close