Campa Chormaic: 15 Bliana ar an fhód

Duine de laochra Gael é Cormac McAnallen.

As an Bhréantar i ndeisceart Thír Eoghain, chuir sé spéis mhór sa Ghaeilge agus sa chultúr agus spórt Gaelach le linn a óige. Bhain sé clú agus cáil amach mar imreoir peile lena chlub, An Eaglais, agus bhuaigh sé Corn Sam Mhig Uidhir le Tír Eoghain sa bhliain 2003.

Níos lú ná bliain ina dhiaidh sin, i Márta 2004, fuair Cormac bás de bharr fadhb croí.

Shocraigh a theaghlach agus muintir an Bhréantair scoil samhraidh a bhunú ina onóir agus níorbh fhada go raibh Campa Chormaic ar bun agus daoine óga ag freastal air ó chéin agus ó chóngar.

Is ar na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge atá an Campa dírithe agus tá dul chun cinn mór déanta aige sna 15 bliana ó bunaíodh é, le campaí anois ar siúl i dTír Eoghain, Aontroim, Doire agus an Dún.

Chuaigh Meon Eile go Tír Eoghain féin le labhairt le Siobhán Ní Aodha, stiúrthóir an champa ann, agus Máirtín Ó Gormlaithe, duine de na cathaoirligh. D’fhás an bheirt acu aníos ag freastal ar Champa Chormaic agus tá siad an-bhródúil as an obair atá deánta go dtí seo.

Tá tuilleadh eolais faoi Champa Chormaic le fáil anseo.

Close
Close