Bunscoil Cholmcille agus a gairdín pobail ag dul ó neart go neart

Tá scoth na hoibre ar siúl ag pobal Bhunscoil Cholmcille i gcathair Dhoire maidir lena bhia áitiúil féin a fhás.

Tá os cionn 85 leapa plandaí tógtha ag na daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ar na mallaibh agus bhuail Meon Eile isteach le fáil amach cad é mar atá ag éirí leo.

Labhair Róisín Mhic Giolla Bhuí, atá i mbun an ghairdín phobail, faoin tábhacht a bhaineann le páistí a bheith ag foghlaim faoin bhia a itheann siad agus faoin áit as a dtagann sé. 

D'inis sí do Meon Eile faoin mhéid a dhéanann na páistí ar scoil chun an bha atá á fhás acu a nascadh leis an churaclam. 

Is léir go bhfuil neart á fhoghlaim ag na daltaí sa scoil agus go dtaitníonn sé leo a bheith ag cur síoltaí agus crann. 


Close
Close