Bród Aerach: Ag teacht amach

Siar sa bhliain 1991, bhí an chéad pharáid ar son ‘Bród Aerach’ riamh i mBeál Feirste agus gan ach 100 duine a bhí cróga go leor le siúl trí shráideanna Bhéal Feirste ar son aitheantais agus cearta daonna.

Tá difear suntasach idir an t-am sin agus Bród Bhéal Feirste an lae inniu le níos mó ná 55,000 duine ag teacht amach le céiliúradh anuraidh.

Tá clár seachtaine ag cur thar maoil ón 27ú Iúil go 5ú Lúnasa i mbliana agus na sluaite réidh le teacht amach lena dtacaíocht a léiriú do dhaoine aeracha an tuaiscirt agus níos faide i gcéin.

Tá sé trí bliana ó tháinig níos mó ná milliún daoine amach le vóta a chaitheamh ar son cearta pósta a thabhairt do dhaoine aeracha ó dheas agus cúis bhróid as cuimse tuillte anois ag an phobal aerach sa tír seo agus saoránaigh na hÉireann i ndiaidh an reifreann a thabhairt isteach agus tógáil croí faighte ag neart daoine dá bharr.

Ar an taobh eile den teorann i dtuaisceart na tire tá scéal difrúil ar fad ann agus daoine aeracha fós ag troid ar son a gceart.

Cé go bhfuil an taoide ag athrú ó thaobh mheon an phobail de i leith agus iad sásta tabhairt faoi na sráideanna, tá aistear fada le dul fós le haitheantas a fháil, rud a chruthaíonn deacrachtaí do dhaoine go fóill teacht amach agus labhairt go hionraic faoina bhféiniúlacht gnéis féin.

Bhuail Meon Eile le triúr daoine óga a roinn scéalta s’acu féin faoina n-aistear ag teacht amach chuig a dteaghlaigh agus a gcairde agus iad sásta comhairle a thabhairt don té atá réidh leis an chéim sin a thógáil. 

Má tá tú féin nó duine a bhfuil aithne agat air ag streachailt le fadhbanna a bhaineann le claonadh gnéis agus gur dheas comhairle a fháil, gabh i dteagmháil leis an Rainbow Project ar  02890319030Cara-Friend ar 08088000390

Close
Close