£86,000 de ciorruithe maoinithe Glór na Móna

Cé go n-aithnítear Glór na Móna mar cheann de na cumainn óige is mó rath in Éirinn, tugadh le fios le déanaí go ndéanfar gearradh de thart ar £88,000 ar mhaoiniú na heagraíochta. Cuireann Glór na Móna seirbhísí ar fáil 5 oíche in aghaidh na seachtaine agus freastalaíonn 160 ball ar an chumann gach seachtain.

Labhair Meon Eile le foireann Ghlór na Móna faoin tionchar a bheidh ag cinneadh seo an Údaráis Oideachais maoiniú na heagraíochta a ghearradh. Rachaidh an cinneadh seo i bhfeidhm ar sheirbhísí óige Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ina iomláine. Cuirfear deireadh le maoiniú stairiúil do 24 chumann óige a sholáthraíonn seirbhísí Gaeilge fud fad an Tuaiscirt. Ciallaíonn sé seo go gcaillfidh cúigear a bpost; ceannaire óige lán-aimseartha, oibrí 25 huaire, agus triúr oibrithe 15 huaire.

Ar an Déardaoin, 24 Feabhra, ar 7:30in, reáchtálfar cruinniú poiblí lasmuigh de Ghael-Ionad Mhic Goill (Glór na Móna) i gceantar Uachtar Chluanaí.

Tá an cruinniú seo á eagrú le deis a thabhairt don phobal teacht le chéile agus a thaispeáint cé chomh tábhachtach agus atá sé go mbeadh seirbhísí mar seo ann do dhaoine óga le Gaeilge sa cheantar, seirbhisí a thugann deis dóibh a dteanga dúchais a úsáid ar bhonn sóisialta.

Close
Close