Bláthadóirí ar Lá Fhéile Vailintín

Tá grá san aer inniu agus daoine fud fad an domhain ag ceiliúradh Lá Fhéile Vailintín. Beidh cártaí, seacláid, seodra agus ar ndóighe bláthanna ar díol ar fud na háite.

Gan aon amhras, tá seo ar cheann de na laethanta is gnóthaí sa bhliain do bhláthadóirí mar sin, thug Meon Eile cuairt ar Fancy Fayre Florist, ar Bhóthar Bhaile Andarsan le labhairt faoin tábhacht agus faoin stair atá bainteach leis an lá seo. Is siopa teaghlaigh é agus baill trí ghlúin ag obair ann.

Bhuail muid le Niamh Nic Ascaidh agus labhair sí faoin siopa féin agus faoi na dóigheanna éagsúla a n-ullmhaíonn siad le teacht fríd an lá gnóthach seo. 

Is féidir cuairt a thabhairt ar an siopa bláthadóireachta Fancy Fayre Flowers nó bláthanna a ordú ó www.fancyfayreofbelfast.co.uk

Close
Close