Bialann Loch Lao

Osclaíodh Bialann Loch Lao, an bhialann nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar na mallaibh chun freastal ar an phobal áitiúil agus ar an phobal araon.

Is áit thábhachtach í an bhialann sa Chultúrlann ó osclaíodh í ag tús na nóchaidí mar An Caifé Glas. Ó shin i leith tá sé ag feidhmiú mar mhol do phobal na Gaeilge, áit a dtagann siad le chéile chun cuideachta a dhéanamh agus bia a roinnt.

Thug Meon Eile cuairt ar an bhialann agus labhair muid leis an chócaire, Dónall Ó Raghallaigh, faoi na pleananna don bhialann, don tseirbhís tráthnóna agus do dhinnéir an Domhnaigh. Labhair muid fosta le Bronagh Fusco ón Chulturlann faoi thábhacht na bialainne, ní hamháin don Cheathrú Ghaeltachta ach don chathair trí chéile.

Tá Bialann Loch Lao oscailte anois.

Close
Close