An chéad bhearradh gruaige le blianta fada faighte ag léachtóir ar son carthanachta

Is léachtóir staire agus Gaeilge é Éamonn Ó Ciadhra i gColáiste Mhig Aoidh i nDoire. Tá gruaig fhada aige ó d'fhag sé an mheánscoil sna 1980í ach tá sé i ndiaidh bearradh gruaige a fháil den dara huair ó shin ar mhaithe le carthanachtaí i nDoire. 

Bhearr Éamonn a chuid gruaige den chéad uair nuair a fuair cara dá chuid, Aidan Connolly, bás le hailse beagnach 30 bliain ó shin. Bhí an ghruaig á fás aige ó shin go dtí le déanaí. 

Gheall sé dá mháthair go bhfaigheadh sé réidh lena fholt nuair a bhainfeadh sí féin ceithre scór bliain d'aois amach agus anois go bhfuil sí ag tarraingt ar 81, tá a chuid gruaige gearrtha aige faoi dheireadh. 

Bheartaigh sé ar airgead a thiomsú don Foyle Hospice, Foyle Down Syndrome Trust, The Pink Ladies agus Foyle Search and Rescue, carthanachtaí a mbíonn an ollscoil ag tacú leo de ghnáth.

Thiomsaigh sé £7,085 ar deireadh... comhghairdeas leis!

Close
Close