An Tionól Dearg ag Féile an Phobail

An tseachtain seo caite bhí plé painéil ag An Dream Dearg i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste mar chuid d'Fhéile an Phobail.

Bhí sé mar aidhm ag an phainéal comóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta a phlé agus an tionchar a bhí aige ar dhán na Gaeilge sa tuaisceart.

Sa chéad chuid den lá, a raibh an t-iriseoir Robert McMillen ina chathaoirleach air, labhair Brónagh Fusco faoina saol féin agus í ag fás aníos mar chainteoir Gaeilge óg roimh an Chomhaontú agus ina dhiaidh.

Phléigh Ciarán Mac Giolla Bhéin an obair a rinne gníomhaithe áitiúla Gaeilge ar leibhéal na talún ag an am. Labhair Gerry Adams faoina thréimhse mar pholaiteoir agus an obair a rinne sé le Comhaontú Aoine an Chéasta a chuir i bhfeidhm. Bhí an t-iriseoir agus craoltóir Máirín Ní Ghadhra ann fosta agus thrácht sise ar bheith ag obair le Raidió na Gaeltachta ag clúdach an scéil.

D'fhreastail Meon Eile ar an phainéal agus labhair muid le Máirín agus Robert.

Tá tuilleadh eolas the fáil anseo.

Close
Close