An tÁisaonad ag ceiliúradh 15 bliain ach neamhchinnteacht ann faoin todhchaí

“Is minic go mbíonn taisce mar seo i bhfolach,” arsa Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir, agus é ag caint le linn cheiliúradh 15 bliain an Áisaonaid i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.

Tá Áisaonad Choláiste Naomh Muire ag soláthar áiseanna liteartha Gaeilge do pháistí bunscoile agus méanscoile ar fud na hÉireann le cúig bliana déag anuas. Os cionn 450 leabhar atá foilsithe acu sa tréimhse sin.

Thug Foras na Gaeilge drochscéala faoina mhaoiniú don Áisaonad an samhradh seo afách, rud a fhágann go bhfuil neamhchinnteacht ann i measc na bhfostaithe.

Aisionad

Idir Aibréan 2012 agus Aibréan 2013, dhíol an tÁisaonad 60,000 leabhar do bhunscoileanna agus meánscoileanna ar fud an oileáin.

Ceithre oibrí lánaimseartha agus oibrí amháin páirtaimseartha atá i mbun oibre san Aonad.

Tá an tÁisaonad bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tugadh le fios don fhoireann an samhradh seo go raibh ciorrú láithreach 15% ina mbuiséad.

Dúirt an Foras le bainistíocht an Áisaonaid fosta go mbeadh a gcóras maoinithe a athrú an samhradh seo chugainn (ó bhunmhaoiniú go maoiniú tionsclaíoch).

“Ar an chéad lá de mhí Iúil, dúirt siad go mbeidh 15% níos lú maoinithe againn. Níor dúirt siad cén bhealach leis sin a dhéanamh suas agus bhí an méid céanna oibre le déanamh againn,” arsa Ciarán Ó Pronntaigh, Bainisteoir an Áisaonaid.

Faoin dlí, ní féidir le Coláiste Ollscoile Naomh Muire níos lú a íoc dá n-oibrithe Gaeilge i gcomparáid le hoibrithe Béarla, dar le Bainisteoir an Áisaonaid.

Lean an tUasal Ó Pronntaigh, “tá sé cineál cosúil le zero hours a bheith againne anois. Ní bheidh a fhios againn cá mhéad oibre a bhéas ann agus na daoine atá anseo. Tá muid ag fanacht feiceáil caidé a déarfaidh an Foras,” arsa Ciarán.

Níl Uachtarán na Coláiste, Peter Finn, réidh le géilleadh d’athrú maoinithe.

The Áisaonad is an integral part of Saint Mary’s College…we would wish Foras na Gaeilge to support the Áisaonad as the arrangement stands at the moment and that is what we are negotiating with Foras to do.”

Close
Close