An chóir an aois vótála a ísliú ó thuaidh?

Agus daoine i dTuaisceart na hÉireann ag dul amach chun vóta a chaitheamh inniu, bhí lear mór cainte ann ar an aois vótála a isliú go dtí 16 bliana, mar atá in Albain agus ar Oileán Mhanann cheana féin.

An buntáiste nó míbhuntáiste é seo? An bhfuil na daoine ag an aois seo aibí go leor le cinneadh tábhachtach a dhéanamh? An bhfuil spéis acu sa phoilitíocht?

Seo ceisteanna a bhíonn daoine fásta áirithe a chur agus iad ag plé an ábhair, mar sin chuaigh Meon Eile síos chuig Coláiste Feirste agus labhair muid le déagóirí chun tuairimí s’acu a fháil ar an aois vótála.

Leis an aois vóta síos chuig sé bhliana déag d'aois san Albain agus Oileán Mhanann, an bhfuil sé am do Éireann an cleas chéanna a dhéanamh?

Close
Close