Áirneál na nÓg ag teagasc an cheoil don chéad ghlúin eile

Cuireadh tús le hÁirneál na nÓg, scoil úr cheoil i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Scoil cheoil í a dhíríonn ar uirlisí ceoil agus ar an amhránaíocht agus fosta ar réimse imeachtaí eile ar nós an damhsa agus na scéalaíochta.

Is do pháistí idir 5 agus 11 bhliain d'aois atá Áirneál na nÓg agus is ar bhonn seachtainiúil a bhíonn na ranganna ar siúl sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Áirneál na nÓg ar na mallaibh chun casadh le lucht a eagraithe agus le rannpháirtithe an ranga.

Close
Close