Ag Siúl i dTreo na Sláinte

Is í mí na Bealtaine Mí Náisiúnta na Siúlóide agus níl am ar bith níos fearr le haclaíocht a dheánamh agus na laethanta ag éirí níos faide agus an aimsir ag éirí níos teo.  Leis an mhí seo a ceiliúradh, labhair Meon Eile le Colm Mac Giolla  Fhiondáin, a d'úsáid aclaíocht le biseach a chur ar a shláinte féin i  ndiaidh dó tamall a chaitheamh san ospidéal. 

Cúpla bliain ó shin bhí aineoras bolgach ar Cholm agus bhí air dul faoi scian dhá uair agus breis agus mí a chaitheamh san ospidéal.

Nuair a bhí sé níos óige, bhí Colm an-mhaith ag an lúthchleasaíocht, reathaí fiormhaith a bhí ann agus spreag sé seo é le dul amach agus tús a chur leis an aclaíocht arís. Thosaigh sé féin agus beirt chairde aige a bheith ag siúl ar mhaithe leis an tsláinte s'acu agus i ndiaidh tamaill bhí sé ag siúl fiche míle gach seachtain. Tháinig biseach ollmhór air agus de réir Choilm féin, bhí sé uilig mar gheall ar an aclaíocht agus é ag dul amach ag siúl.

Tá an mhí seo dírithe ar an siúl agus ar na buntáistí a bhaineann leis an tsiúlóid le dea-shláinte a chothú.  Mar sin de, in áit bus nó carr a ghlacadh chun na hoibre an mhí seo, déan iarracht siúl nó rothaíocht más féidir. Cuidíonn seo leat do chroí a láidriú, meáchan a chailleadh agus cosaint a dhéanamh ó néaltrú chomh maith lena lán buntaistí eile. Ní hamháin go mbeidh tú ag deánamh maitheasa do do chorp féin ach beidh tú ag deánamh maitheasa don timpeallacht chomh maith. 

Le tuilleadh eolais agus comhairle a fháil faoi Mhí Náisiúnta na Siúlóide, thig leat amharc ar an suíomh seo thíos:

https://activenation.org.uk/thelocker/may-national-walking-month/

https://www.livingstreets.org.uk/get-involved/campaign-with-us/national-walking-month-2019


Close
Close