An spórt agus an dúlra á nascadh le chéile in iarthar Bhéal Feirste

Tá comhpháirtíocht ar siúl idir Gaelscoil na bhFál agus Cumann CLG Naomh Gall in iarthar Bhéal Feirste. Téann na daltaí scoile chuig páirc Naomh Gall go minic le cleachtadh agus traenáil a dhéanamh agus le cluichí Gaelacha a imirt.

Labhair muid le Cathaoirleach Naomh Gall, Mícheál Culbert. Dar leis nach bhfuil rud ar bith níos fearr ná spórt a imirt taobh amuigh leis an tsláinte choirp agus an mheabhairshláinte a fheabhsú.

Bíonn deis eile ag na daoine óga a bheith amuigh faoin aer agus iad i gCluain na Bhogaidh, áit a bhfuil spás ar leith ann ar chuidigh cailíní ó Chumann Naomh Gall lena ghlanadh ar na mallaibh. Labhair muid le múinteoir ó Ghaelscoil na bhFál, Caoimhín Ó Daimhín, agus le beirt ó Ulster Wildlife, Aoife De Bhál agus Michael McCorry, faoin úsáid is feidir le daoine a bhaint as an spás

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi Chluain na Bhogaidh agus faoi Gaelfast anseo.

Close
Close